Subscribe now!

rss

Search

Caithfidh an domhan fios na fírinne a fháil ar Bhurma agus náire a chur ar rialtas na Sine, a d’impigh Mary Montaut ó Burma Action na hÉireann inné

September 27th, 2007 by Europa

Bhí comhordaitheoir an bhrúghrúpa ag caint le Lá Nua i ndiaidh an scéil is deanaí gur maraíodh duine amháin ar a laghad inné, nuair a d’ionsaigh péas agóideoirí, idir daoine agus manaigh Búdaíocha in éadán na deachtóireachta.
Cé go bhfuil cosc ar iriseoirí eachtracha ag an deachtóireacht mhíleata, bhí tuairiscí ag teacht amach as an tír inné gur lean na mílte manach ar aghaidh leis na hagóidí. Fiú nuair a bhagair na húdaráis go ndéanfaí cniogbheartaíocht ina n-éadán, mar a rinneadh i gcoinne an éirí amach in 1988 nuair a meastar gur maraíodh 3000 duine.
Agus de réir finnéithe in Rangoon inné, chonacthas cúpla míle manach agus agóideoir eile ag tarraingt ar an Sule Pagoda agus deirtear gur cuireadh cosc orthu agus gur ionsaigh saighdiúirí na deachtóireachta iad le piléir agus le deorghás
Le scéalta ag teacht amach as Rangoon óna leithíd mar Ambasáid na Breataine ag cur síos ar an dóigh a bualadh agus a gabhadh 100 manach, spreagadh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, le ráiteas a dhéanamh faoin ghéarchéim.
“Tá imní mhór orm faoin nuacht ó Bhurma/Myanmar inniu gur chuir rialtas mhíleata an Bhurma saighdiúirí ar shráideanna Rangoon, áit ar bhain siad úsáid as maidí agus deorghás, in éineacht le cuiriúnna a leagadh síos, le mórshiúlta síochánta a bhriseadh suas,” arsa an tUasal Ahern.
“Is ábhar scannalach é agus is ábhar doghlactha é gur baineadh úsáid as foréigean an mhíleata i gcoinne manach, ban rialta agus daoine coitianta neamhartha, daoine a bhfuil a saol caite acu ag seachaint an fhoréigin agus nach bhfuil ach ag iarraidh cead bunúsach cainte.”
Cé gur mhol Burma Action na hÉireann cáineadh Ahern, dúirt Mary Montaut go gcaithfidh muintir na hEorpa uilig seasamh a ghlacadh in éadán na deachtóireachta.
“Ní lá rúin ag an impireacht santach samhnasach seo, a bhfuil na milliúin punt saothraithe acu ag díol geamanna, gáis agus téice don tSín, fad agus atá 50% den phobal i mbochtanais, an chumhacht a thabhairt suas.
“Caithfimid, go háirithe ar bhéal na gCluichí Oilimpeacha, náire agus brú a chur ar an tSín agus go mbainfidh siad an tacaíocht don riailréim éagórach seo.” [Lá Nua]

Posted in Gaeilge | No Comments »

Iris Ghaeilge le seoladh ag Cumann Gaelach na Tríonóide

September 26th, 2007 by Europa

Beidh an Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide ag foilsiú iris Ghaeilge dar teideal Tuathal, i mbliana.
De réir an chumainn, is é seo an chéad uair riamh a chuirfear iris sheasta as Gaeilge ar fáil do mhic léinn ollscoile in aon institiúid acadúil in Éirinn.
“Cé gur dhein neart daoine iarracht na meáin a úsáid ag an ollscoil chun an teanga a spreagadh, níor mhair a gcuid iarrachtaí go rófhada,” arsa Séamas Ó Ceallaigh, Oifigeach Foilsitheoireachta an chumainn.
Ag caint dó le Lá Nua, dúirt Ó Ceallaigh go raibh sé beartaithe acu sé eagrán ildaite a fhoilsiú i mbliana “chun a chinntiú go mbeidh muintir na Tríonóide agus muintir Bhaile Átha Cliath ar an eolas faoi na himeachtaí cultúrtha a bheidh ag tarlú timpeall na cathrach agus an bhéim ar fad ar an nGaeilge labhartha.”
Beidh 16 leathanach i ngach eagrán ar an iomlán agus seolfar an chéad eagrán, Dé Luain seo chugainn, i Seomraí Eilíse, ag 8.00in.
“Is muidne an tríú cumann is mó i gColáiste na Tríonóide agus an cumann Gaelach is mó sa tír mar sin, shíl muid gur cheart go mbeadh foilseachán reatha againn,” arsa Ó Ceallaigh.
“Tríd na hiarrachtaí seo, tá muid ag taispeáint go bhfuil an Ghaeilge iontach láidir agus i mbéal an phobail i gcroílár na cathrach.
“Tá clú agus cáil ar Choláiste na Tríonóide mar ionad acadúil, ach go dtí seo, ní raibh stádas creidiúnach ag an Ghaeilge anseo. Go traidisiúnta, ní raibh stádas láidir ag an teanga sa choláiste, ach tá muid ag leagan síos bunchloch a mhairfidh i bhfad inár ndiaidh.”
Bhí comóradh 100 bliain ag an gcumann anuraidh agus de réir Uí Cheallaigh, tá an cumann “thar a bheith bródúil as an iris seo agus tá muid cinnte go n-éireoidh go breá linn,” arsa sé. [Lá Nua]

Posted in Gaeilge | No Comments »

Deireadh le seó Marcel Marceau

September 24th, 2007 by Europa

Ó Shráid Grafton go Las Ramblas de Barcelona thig páistí Marcel Marceau a fheiceáil, fir is mná grinn le seanhata, aghaidh cailce agus cumas cumarsáide nach mbaineann le focail.
Bhunaigh Michael Jackson a ‘moonwalk’ clúiteach ar Marcel Marceau agus inné sa Fhrainc ba gheall le lá náisiúnta comhbhróin é nuair a fógraíodh bás mháistir an dráma bailbh in aois 84. Dúirt an puipéadóir Éireannach, Eugene Lambert gur mór an chaill é ní amháin do dhomhan na n-ealaíon ach don domhan ar fad go bhfuil duine chomh héirimiúil le Marceau ar shlí na fírinne. Charlie Chaplin, Buster Keaton agus a leithéid an t-ionspioraid a bhí ag Marceau agus ba é a thug an dráma balbh chun beatha arís i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus an dráma sin beagnach marbh. [Lá Nua]

Posted in Gaeilge | No Comments »

Seó fadálach Bhertie

September 22nd, 2007 by Europa

In ainneoin a raibh le rá, an tseachtain seo, ag iar-chathaoirleach an Bhinse Fiosraithe, an Breitheamh Fearghus Flood, níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil deireadh leis na ceisteanna faoi cúrsaí airgeadais an Taoisigh. Dar leis an Bhreitheamh Flood, is beag an baol go gcúiseofar an Taoiseach as aon mhí-iompar maidir le cúrsaí airgeadais muna dtiocfaidh fianaise úr chun tosaigh. Agus inné, le linn an tríú lá ceistithe ag Caisleán Bhaile Átha Cliath, ní raibh aon ghunna agus deatach ag sileadh uaidh le mothú. D’admhaigh an Taoiseach go raibh beart airgeadra eachtraigh a rinne sé sna 1990í ina chuimhne ach nach bhféadfadh sé tabhairt chun cuimhne cén uair a cheannaigh sé luach £30,000 sterling sna 1990í. Ní raibh deireadh leis an cheistiú agus Lá Nua ag dul chun na clólainne, cé go raibh an Taoiseach ag tabhairt fianaise ó bhí 10rn ann. [Lá Nua]

Posted in Gaeilge | No Comments »